|
Oileán
Oileán is ea do chorp
i lár na mara móire.
Tá do ghéaga spréite ar bhraillín
gléigeal os farraige faoi1eán.
Toibreacha fíoruisce iad t’uisí
tá íochtar fola orthu is uachtar meala.
Thabharfaidís fuarán dom
i lár mo bheirfin
is deoch slánaithe
sa bhfiabhras.
Tá do dhá shúil
mar locha sléibhe
lá breá Lúnasa
nuair a bhíonn an spéir
ag glinniúint sna huiscí.
Giolcaigh scuabacha iad t’fhabhraí
ag fás faoina gciumhais.
Is dá mbeadh agarn báidin
chun teacht faoi do dhéin,
báidín fiondruine,
gan barrchleite amach uirthi
ná bunchleite isteach uirthi
ach aon chleite amháin
droimeann dearg
ag déanamh ceoil
dom fhéin ar bord,
thógfainn suas
na seolta boga bána
bogóideacha; threabhfainn
trí fharraigí arda
is thiocfainn chughat
mar a luíonn tú
uaigneach, iathghlas,
oileánach.
|
Isla
Tu cuerpo es una isla
tumbada sobre el oleaje
Tus miembros se extienden
bajo alas de gaviotas.
Manantiales de agua verdadera, tus sienes,
una sima de sangre te identifica y tu torso son crestas de
miel.
Dame una fuente
que alivie este calor
dame de beber
templa mi fiebre.
Tus ojos
como lagos de montaña
en un día de agosto
cuando el cielo
brilla en el agua.
Tus pestañas son juncos
que ondean a lo largo de la orilla.
Y si tuviera una barquichuela
para flotar hacia ti,
una barquita de endrino,
sin mayor equipamiento
que una sola pluma
rojo ocre
que me animara
con su música
a bordo,
que izara
las velas blancas y finas
que se inflan y se abren camino
a través de grandes olas
que me llevaran hasta ti
allí donde yaces
nostálgico, color esmeralda.
a-isla-do.
|
|
Claoninsint
Tá’s againn, a dúradar,
cár chaithis an samhradh, a dúradar,
thíos i mBun an Tábhairne, a dúradar,
cad a dheinis gach lá, a dúradar,
chuais ar an dtráigh, a dúradar,
níor chuais ag snámh, a dúradar.
Canathaobh nár chuais ag snámh?
Mar bhí sé rófhuar, a dúradar,
do do chnámha atá imithe gan mhaith, a dúradar,
bodhar age sámhnas nó age teaspach gan dúchas
gur deacair dhuit é a iompar, a dúradar.
|
La palabra en el viento
Es entre nosotros, dicen,
en Crosshaven, dicen,
donde pasaste el verano, dicen,
cómo pasaste los días, dicen,
bajaste a la playa, dicen,
pero no fuiste a nadar, dicen,
¿y por qué no fuiste a nadar?
porque hacía tanto frío, dicen,
tanto frío que tus huesos, dicen,
tus huesos se han deshecho sin remedio, dicen,
se doblegan en el agua, elevados, desarraigados espíritus
no aguantarás mucho más, dicen.
|
|
Cailleach
Taibhríodh dom gur mé an talamh,
gur mé paróiste Fionntrá
ar a fhaid is ar a leithead,
soir, siar, faoi mar a shíneann sí.
Gurbh é grua na Maoilinne grua
mo chinn agus Sliabh an Iolair
mo chliathán aniar;
gurbh iad leaca na gcnoc
mo loirgne is slat
mo dhroma is go raibh an fharraige
ag líric mo dhá throigh
ag dhá charraig sin na Páirce,
Rinn Dá Bhárc irn Fiannaíochta.
Bhí an taibhreamh chomh beo
nuair a dhúisíos ar maidin
gur fhéachas síos féachaint an raibh,
de sheans, mo dhá chois fliuch.
Ansan d’imíos is dhearmhadas
a raibh tarlaithe, ó,
tá dhá bliain is breis
anois ann, déarfainn
go dtí le fíordhéanaí
gur cuireadh i gcuimhne arís dom
fuíoll mo thromluí
de bharr líonrith m’iníne.
Bhíomair thíos ar an dtráigh
is bhí sí traochta.
Do chas sí abhaile
ach do leanas-sa orm ag siúl romham.
Ní fada gur chuala í
ag teacht chugham agus saothar uirthi,
í ag pusaíl ghoil le teann coisíochta.
‘Cad tá ort? ‘Ó, a Mhaim, táim sceimhlithe.
Tuigeadh dom go raibh na cnoic ag bogadaíl,
gur fathach mná a bhí ag luascadh a cíocha,
is go n-éireodh sí aniar agus mise d’íosfadh.’
|
Arpía
Una vez soñé que era la tierra,
que era la parroquia de Ventry
a lo largo y ancho,
de este a oeste, toda ella.
Que la cima de Maoileann era mi frente
y Mount Eagle
mi pecho turgente;
que la ladera de la montaña era
mi columna vertebral y mis piernas,
que el mar lamía mis pies de roca,
las rocas gemelas de Parkmore
del viejo ciclo Feniano.
El sueño estaba tan vivo
que cuando me levanté por la mañana
bajé la mirada para comprobar si, por casualidad,
mis pies seguían mojados.
Luego, desconecté y me olvidé
de lo sucedido. Ay, pero
casi dos años después,
aquel temor de mi hija
me hizo recordar los posos de aquel sueño.
Estábamos abajo en la playa
pero ella del agotamiento
volvió para casa.
Mientras seguí paseando sola.
Apenas me había alejado cuando la oí
de vuelta a mí, lloriqueando,
y ahogándose en cada resuello.
‘Qué tienes’, ‘Ay, Mami, estoy asustada.
Me pareció que la montaña respiraba
como una mujer gigante de pechos pendulantes,
a punto de abalanzarse sobre mí dispuesta a comerme.
|
|
Iarúsailéim
Nuair a chuimhním ort
lóonann de bhainne mo chíocha.
Is mé Iarúsailéim, an chathair naofa
mar a bhfuil mil agus uachtar
ag gluaiseacht ina slaodaibh.
Tó mo mháithreacha leagtha ar charrmhogail,
mo dhúshraith ar shaifírí.
Tá binn agus buaic orm déanta de rúibíní,
is de chriostal mo chuid geataí.
Ar ndóigh, ní déarfaidh mé leat é.
Beag an baol, mhuise — gheofá ceann ataithe.
Ní thabharfainn an oiread sin sásaimh duit
le go gceapfá gur le teann grá é.
Bí cinnte dhe nach bhfuil aon leigheas agam air,
ná a mhalairt,
níl ann ach gur baineannach mé
de chuid na n-ainmhithe mamalach.
Mo Theaghlach
Ag seo agaibh, go hachomair, mo theaghlach
an teaghlach a d’fhág meidhreach mo chroí.
Ins an seomra suite tá mo dheirfiúr Aoife
ar a corraghiob ag bailiú pinginí
a thit laistiar den dtolg is den bpianó
rianta deireanacha a spré a chuaigh amú,
deir sí an fáth go bhfuil sé ag imeacht i mbóiléagar
ná an rud a bhailíodar de dhroim an diabhail
gur faoina bholg arís a imíonn sé, airiú.
Ins an seormra folcaidh tá m’uncail Dónall
ag dul faoi loch sa dabhach mar fhomhuireán.
Is dóigh leis má choimeádann sé a cheann síos
ná tabharfaimid faoi ndeara é a bheith ann.
Táimse mór leis is tuigim an stair atá laistiar de
an fáth gur fuath leis caint, cadráil nó biadán,
is nuair a théim thar bráid, tugaim trí rap ar an ndoras
ag fógrú dó go bhfuil aige All-Clear.
Ins an dtolglann níl aon tine ins an ngráta
ach é tógtha suas ó bhonn ag crann mór groí
atá préamhaithe i lúidín clé mo dhearthár
is a fhásann aníos tré dhíon is tré fhraitheacha an tí.
Deirtear go b’ann a chuir cailín éigin mallacht air
de bhrí gur dhein sé éigean uirthi bliain
leadránach éigin thiar ins na caogadaí.
Ní stopann sé ach ag slogadh aspirin leis an bpian.
Sa seormra leapan taobh thiar den leaba dhúbailte
ta cófra mór agus doras uaithne air.
Laistiar de tá dhá leanbh ar bheagán meabhrach
ná tagann amach riamh faoin ngaoth nó faoin ngrian.
Tá siad a gcoimeád ann an chuma na Hairy Babies
a mhair áit éigin thuaidh in aice le Trá Lí.
N’fheadar éinne againn i gceart cé hí a máthair
is tá náire orainn go léir gur saolaíodh iad.
Thíos sa siléar a gheofá an file filiúil
col ceathar dúinn atá leochaileach, feosaí.
Bhíodh sé de shíor is choíche ag cumadh píosaí filíochta
is ár mbodhradh leo go dtí gur chuireamair gobán ar a bhéal.
Fuadaíodh é is cuireadh ceangal na gcúig gcaol air
is ar chuma éigin bíonn sé chomh mallaithe leis an ndiabhal
uair ’má seach go n-éiríonn leis teacht aníos chughainn
ba dhóigh leat go raibh adharca air is é ag tarrac slabhraí ina
dhiaidh.
Sa seomra rúnda a chíonn sibh i mbarr an staighre
tá seanbhean a bhíonn de shíor ag eascainí.
Ní thógann éinne aon cheann a thuilleadh dá healaí
go háirithe nuair a éilíonn sí gurb í Caitlín Ní Uallacháin í.
Bhuaileas-sa léi lá is gan í ródhona
is dúirt sí liom gurb é a hainn ceart ná Grace Poole.
N’fheadarsa ó thalamh Dé cé bhí i gceist aici
is fiú dá mbeadh a fhios fhéin ar Éirinn ní neosfainn cé hí.
Amuigh ar an ndíon, ins an seanchás tae is both dó
tá seanduine leis féin i bhfolach ón slua.
Caitheann tú dul thar dhroichead clár chun teacht air
is ní maith leis daoine a chuireann air aon dua.
Tá sé ráite go maireann sé go sona sásta
le harem breis is trí fichid leannán sí.
Tá sé ráite gur dhúnmharaigh sé mo mháthair.
Ta sé ráite gurb é m’athair críonna é. |
Jerusalén
Cuando pienso en ti
mis pechos se llenan de leche.
Yo soy Jerusalén, la ciudad santa
como la miel y nata
que libres manan.
Mi corazón descansa sobre pus,
mis cimientos sobre zafiros.
Mi tapia y mi tejado son de rubí,
y todas mis puertas de cristal.
Mas no te lo diré.
El riesgo es pequeño, ya – por si se te sube a la cabeza.
No te daría yo esa pizca de satisfacción
que pienses que estoy a tus pies.
Queda tranquilo, no hay cura alguna para mí,
no tengo remedio,
digamos pues que mis pechos son de leche
como los de otras criaturas.
Hogar
Aquí os presento, más o menos, mi hogar,
el hogar que llena de gozo mi corazón.
En la sala de estar, se encuentra mi hermana Aoife
en cuclillas va juntando peniques
que se cayeron detrás del sofá y del piano,
los últimos legajos de la fortuna que despilfarró,
ella dice que el motivo de que se fuera tan rápido
es que aquello que atropas de espaldas al diablo
lo pierdes de nuevo bajo su barriga, qué le vamos a hacer.
En el baño está mi tío Donal
sumergido como un submarino en la bañera.
Se cree que con la cabeza bajo el agua
nunca nos daremos cuenta de que está ahí.
Me llevo bien con él, conozco toda la historia,
la razón por la que tiene miedo de las habladurías.
Cuando paso doy tres golpes en la puerta,
señal de ‘Todo despejado’.
En el salón, no hay fuego en la chimenea.
Toda la habitación está tomada por un gran árbol.
Sus raíces se extienden desde debajo de la uña del pie de mi hermano,
las ramas crecen atravesando el tejado y las vigas.
Dicen que es una maldición que le echó cierta muchacha
al forzarla él con sus manazas una vez,
hace siglos, en los cincuenta.
No deja de tomarse aspirinas para el dolor.
En el dormitorio principal, detrás de la cama de matrimonio,
hay un ropero grande con la puerta verde.
Detrás de él se encuentran dos niños medio tontos
que nunca salen, así haga sol o caigan chuzos.
Los guardan ahí dentro, como a los Bebés Peludos
que vivían arriba en Tralee.
Ninguno de nosotros sabe con certeza quién es la madre;
todos nosotros nos avergonzamos de que hayan nacido.
Abajo en el sótano encontrareis al bardo,
un primo carnal que siempre estuvo de los nervios.
No hacía más que arrancarse por ripios poéticos,
Y nos hubiera dejado sordos de no haberle amordazado.
Le pusimos la chaqueta de fuerza –
está hecho una furia demoníaca, en fin.
Cuando le da, se levanta y sube con nosotros
cualquiera diría que está viendo una cosa con cuernos arrastrando
una cadena.
En la habitación secreta que veis al final de las escaleras
hay una vieja que está siempre maldiciendo.
Nadie le hace ni caso, especialmente
cuando dice a gritos que es Caitlín Ní hUallachain.
Hablé con ella una vez cuando aún no estaba demasiado tocada
y me dijo que su verdadero nombre era Grace Poole.
No tengo la más remota idea de lo que estaba hablando
y si la tuviera, tampoco me atrevería a musitar su nombre en Irlanda.
Fuera en el tejado, habitante de un viejo baúl de embalaje,
está un viejo que se esconde de la multitud.
Tienes que cruzar el puente de tablillas para llegar a él
y no le gusta la gente que le viene con preguntas.
Dicen las malas lenguas que vive la vida alegre
con un harem de casi trescientas amantes.
Dicen las malas lenguas que mató a mi madre.
Dicen las malas lenguas que es mi abuelo. |